
Free Daily Podcast Summary
by ClubLeabhar.com
Get key takeaways, quotes, and insights from ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club in a 5-minute read. Delivered straight to your inbox.
The most recent episodes — sign up to get AI-powered summaries of each one.
[English version below] Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad. Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint… Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Anna Heussaff agus Cian Ó Dubhshláine [Leagan Gaeilge thuas] Divorced from his wife, struggling to keep a relationship with his son, Éric doesn’t understand how life went so wrong for him. A ray of light comes in the form of a new work opportunity, one that reconnects him with an old schoolmate and takes him to Seoul, but even that light soon falters. It will take a rather novel experience to help Éric recognise the important things in life… Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Anna Heussaff and Cian Ó Dubhshláine
[English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne. I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin. Ón eagrán Iodáilise a d’fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna. Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: aitlín Nic Íomhair agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Our primary narrator in Voices in the Evening is Elsa, an as-yet-unmarried woman of a certain age—dismaying her hypochondriac mother—who describes the colorful natives of this small village. Her dialogue is rich, ranging from amusing character studies to heartbreaking developments, all of which subtly reflect a society rebuilding itself after tremendous loss. Ginzburg’s work often focuses on individuals in the time around World War II, when many isms—Communism, Fascism, Catholicism, Nationalism—provided conflicts across Italy, and within communities and families. Though the political context is important in understanding the nuances of her work, Ginzburg’s talent, and how fresh these stories still feel, is in her note-perfect characterizations. The many political frictions offer a context, but it’s these imaginary/real people who are front and center. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Oisín Montanari
[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] This is the first short story collection by Seosamh Céitinn. An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more. This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author’s childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914. Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan
[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe. I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir. Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh [Leagan Gaeilge thuas] In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home. But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified…. Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh
[English version below] Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Éamonn Ó Dónaill [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holmes by Arthur Conan Doyle. Updated edition by Éamonn Ó Dónaill. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Éamonn Ó Dónaill
[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe’ ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author’s column ‘Crobhingne’ in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe’ is a longer story about Jesus’ childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less
[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil
[English version below] Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás. Chuige sin, tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge. Tá sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Micheál Ó Conghaile [Leagan Gaeilge thuas] The mother and child homes scandal has been the subject of intense discussion in recent years. Now, writers and artists are beginning to confront the painful realities. This book offers a fresh perspective from an author known for his willingness to explore Ireland’s darker aspects and bring them to light. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Micheál Ó Conghaile
Free AI-powered daily recaps. Key takeaways, quotes, and mentions — in a 5-minute read.
Get Free Summaries →Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Listeners also like.
[English version below]Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sn
AI-powered recaps with compact key takeaways, quotes, and insights.
Get key takeaways from ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club in a 5-minute read.
Stay current on your favorite podcasts without falling behind.
It's a free AI-powered email that summarizes new episodes of ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club as soon as they're published. You get the key takeaways, notable quotes, and links & mentions — all in a quick read.
When a new episode drops, our AI transcribes and analyzes it, then generates a personalized summary tailored to your interests and profession. It's delivered to your inbox every morning.
No. Podzilla is an independent service that summarizes publicly available podcast content. We're not affiliated with or endorsed by ClubLeabhar.com.
Absolutely! The free plan covers up to 3 podcasts. Upgrade to Pro for 15, or Premium for 50. Browse our full catalog at /podcasts.
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club publishes monthly. Our AI generates a summary within hours of each new episode.
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club covers topics including Education. Our AI identifies the specific themes in each episode and highlights what matters most to you.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.