
Free Daily Podcast Summary
by Irish Independent
Get key takeaways, quotes, and insights from Seachtain in a 5-minute read. Delivered straight to your inbox.
The most recent episodes — sign up to get AI-powered summaries of each one.
Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste. Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullough, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin. Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie. Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie. Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne? Agus cad é atá i ndán anois do McCullough? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullough – iar-chomhghleacaí dá chuid. Foclóir: Gean: Affection Torrach: Pregnant Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence Is léir: it is obvious Tacht: Choke Sádh í: She was stabbed Dúnorgain: Manslaughter An rud is míofaire: The most hideous thing Otharcharr: Ambulance Gabh: Arrest Dodhéanta: Impossible Aisteach: Strange D'ainneoin: Despite Bleachtaire: Detective Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky Comhghleacaí: Colleague De réir a chéile: Bit by bit Miotógaí: Gloves Stócach: Boyfriend Mar sin féin: However Go teoiriciúil: Theoretically Machnamh: Consideration Aiféala: Regret Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalismSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir. D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt. Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4. Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt. Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara. Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt? Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim? Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’. Foclóir: Togra: Project Seomra foirne: Staff room Nathanna cainte: Phrases or sayings Earnáil: Sector Caint phoiblí: Public speaking Táithí: Experience Fuinneamh: Energy Aitheantas: Recognition Aiseolas: Feedback Bua na cainte: The gift of the gab Eiseamláir: Role model Imní: Nervousness or anxiety Fánach: Random Scáthán: Mirror Teachtaireacht: Message Caighdeán: Standard Meáchan: Weight See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity Racht mothúcháin: Fit of emotion Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider Tochailt: Digging Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don’t feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas? Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. FOCLÓIR: Breosla: Fuel Rún: Motion Aighneas: Disagreement Agóideoirí: Protestors Mustar: Pomp Tromchúiseach: Consequential Meath: Decline Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown Faoiseamh cánach: Tax relief Fuinneamh: Energy Ag géilleadh: Conceding to Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other Bruscar: Litter/rubbish Iniúchadh: Inspection or examination Ag fulaingt: Suffering Claonta: Biased Féinfhostaithe: Self-employed Cáineadh: Criticism See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006. Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart. Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa. Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada. Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas. Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó. Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu. Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú? Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás. Foclóir: Spiaire: Spy Uisce reatha: Running water Pleascáin: Explosives Ball: Member Riarachán: Administration Ruathar: Raid Ag spré: Spreading Ag feidhmiú: Operating Nocht: Reveal Iarghúlta: Remote Ar an toirt: On the spot Freagracht: Responsibility Tras-teorainn: Cross border Corruair: Occasionally Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them Ceart agus cóir: Right and justice Brathadóir: Informer Ag dul i méadaíocht: Growing up Eiseachadadh: Extradited See omnystudio.com/listener for privacy information.
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad. Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna. Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh. Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt. Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann. An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit. Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally. Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh. Foclóir: Faoi bhéal gunna: At gunpoint Ráiteas: Statement Pleascáin: Explosives Iomrall ceartais: Miscarriage of justice Gabh: Arrest Baill: Members Droch-íde: abuse or ill treatment Bagairt: Threat Seán: Deny Cuireadh iachall orthu: They were forced to Fianaise: Evidence An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court Éadóchasach: Hopeless In ainneoin: Despite Ciontach: Guilty D’éalaigh sé: He escaped Achomharc: Legal appeal Ciontú: Conviction Cuir ar neamhní: To quash Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.
Free AI-powered daily recaps. Key takeaways, quotes, and mentions — in a 5-minute read.
Get Free Summaries →Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Listeners also like.
AI-powered recaps with compact key takeaways, quotes, and insights.
Get key takeaways from Seachtain in a 5-minute read.
Stay current on your favorite podcasts without falling behind.
It's a free AI-powered email that summarizes new episodes of Seachtain as soon as they're published. You get the key takeaways, notable quotes, and links & mentions — all in a quick read.
When a new episode drops, our AI transcribes and analyzes it, then generates a personalized summary tailored to your interests and profession. It's delivered to your inbox every morning.
No. Podzilla is an independent service that summarizes publicly available podcast content. We're not affiliated with or endorsed by Irish Independent.
Absolutely! The free plan covers up to 3 podcasts. Upgrade to Pro for 15, or Premium for 50. Browse our full catalog at /podcasts.
Seachtain publishes weekly. Our AI generates a summary within hours of each new episode.
Seachtain covers topics including News. Our AI identifies the specific themes in each episode and highlights what matters most to you.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.