
Free Daily Podcast Summary
by Tuairisc
Get key takeaways, quotes, and insights from AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal in a 5-minute read. Delivered straight to your inbox.
The most recent episodes — sign up to get AI-powered summaries of each one.
Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na botúin a rinne siad. Pléitear chomh maith cá bhfuil a dtriall sa lá atá inniu ann agus an gá dóibh filleadh ar a ndúchas chun teacht slán.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngleic leis an scéal, an scanradh agus an t-iontas a bhain leis agus an méid a d’fhoghlaim sí uaidh.Labhair sí faoin gcóir leighis a cuireadh uirthi, faoin gcúram a fuair sí agus faoi conas gur oscailt súl ab ea a cás di faoin gcóras sláinte agus faoi chineáltas an duine.Labhraíonn sí faoin saol atá roimpi i ndiaidh na hailse, faoin PhD atá á chríochnú aici agus faoi cad ina thaobh go ndeir sí gurb é an buíochas an tréith is mó a d’fhorbair an scéal go léir inti.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’. Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a bhí i gceist ansin, an méid céanna airgid a chaith comhairle áitiúil ag cur i gcoinne comhartha dátheangach in Ard Mhacha. Agus ar deireadh pléitear fógra an Aire Oideachais nach mbeidh aon scoil lán-Ghaeilge nua á tógáil as seo go ceann cúig bliana. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta, agus an t-ocras agus na galair a leanann é ba thrúig bháis do 30 milliún de na sibhialtaigh sin, a deir sé. Tráchtann Cormac chomh maith ar an athrú a tháinig ar mhodhanna cogaíochta agus teaicticí míleata agus ar an athrú a tháinig ar ár dtuiscint ar mharú pobail dá bharr, ón mbuamáil ón aer go dtí an cinedhíothú. Pléann sé cás mhuintir na Palaistíne. ‘Nuair a fheiceann tú an scrios atá déanta ar Gaza…chaithfeá a rá gur d’aon ghnó a deineadh é sin,’ a deir sé. Tráchtann sé chomh maith ar an gcogadh san Úcráin, ar mhímhoráltacht na cogaíochta agus ar uafás an Uileloiscthe. Ar deireadh pléitear ceist an dóchais agus an éadochais i bhfianaise na rudaí uafásacha a tharlaíonn le linn cogaidh.
Darren, Maitiú agus Seán Tadhg atá i dteannta Bhridget ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ agus albam nua Kneecap, ‘Fenian’, á mheas acu. Pléitear chomh maith ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. An buntáiste d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu nó an cuma le daoine? Caitear súil chomh maith ar an gcruinniú is déanaí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a raibh plé faoi chúrsaí earcaíochta agus cearta teanga sa chóras sláinte.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In Ardoifig Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann i lár Bhaile Átha Cliath atá Helen Ní Shé an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an gceardchumannaí aitheanta Phil Ní SheaghdhaPhil Ní Sheaghdha, ó Chorca Dhuibhne, Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach, atá linn an tseachtain seo ar Paiste Cainte ag Helen Ní Shé. Deir Phil gurb iad na díospóireachtaí ar ghlac sí páirt iontu nuair bhí sí ar scoil i Méanscoil na Toirbhirte sa Daingean a ghin a dúil sa cheardchumannachas. Thug comórtais díospóireachta Gael Linn tuiscint di ar conas tú féin agus do chuid argóintí a chur in iúl, a deir sí. Pléann Helen le Phil cad chuige an ceardchumann agus cad atá tábhachtach faoi, an fiúntas a bhaineann le stailc agus an ceart atá ag gach aon oibrí go gcloisfí a bhfuil le rá acu. Tráchtann Phil chomh maith ar an difríocht idir cúram sláinte príobháideach agus cúram sláinte poiblí agus cad ina thaobh dar léi nár chóir go mbeadh an deighilt sin ann.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In éineacht le Bridget agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an Dr John Walsh, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil na Gaillimhe agus an saineolaí is mó ar Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.Pléitear stair Choimisiún na Gaeltachta agus stair na Gaeltachta féin, an méid a baineadh amach agus nár baineadh amach le 100 bliain, an méid atá caillte agus an méid atá fágtha againn.Déantar plé ar pholasaí Gaeltachta an stáit, ar an gcaidreamh idir an foghlaimeoir agus an Ghaeltacht agus ar an gcaidreamh casta síceolaíochta atá ag muintir na hÉireann leis an teanga agus leis an nGaeltacht. Déantar trácht chomh maith ar an gcódmheascadh, rud a bhfuil sampla maith de ag John dúinn - ‘I think go bhfuil sé absolutely ridiculous!’.Cuid dár sraith nua físeán, altanna agus podchraoltaí ‘100 bliain na Gaeltachta’ é an t-eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’. Is féidir féachaint ar an gcéad fhíseán sa tsraith anseo.Fuair Tuairisc tacaíocht do ‘100 Bliain na Gaeltachta’ ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.
Bhuail ráig den ghalar meiningíteas oirdheisceart Shasana le déanaí agus sciob sí chun siúil beirt mac léinn agus d’fhág a thuilleadh an-bhreoite. Chuir an scéal i gcuimhne do Helen cás Dharáine Mulvihill an craoltóir agus gníomhaí de bhunadh Chorca Dhuibhne ar bhuail an meiningíteas í is í ina déagóir 20 bliain ó shin. B’ábhar misnigh do Helen bualadh le Daráine le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh léi ag baile i gcontae na Mí faoin lorg a d’fhág an galar sin uirthi.Bhí Daráine chomh tinn an uair sin 20 bliain ó shin go ndúradh lena tuismitheoirí a bheith ag fáil faoi réir chun slán a fhágáil léi mar nach mairfeadh sí an oíche. Cuireadh an ola dhéanach ar Dharáine ach tháinig sí slán. Tar éis sé seachtaine san ospidéal dúradh léi go gcaithfí an dá chos a bhaint di. Cuimhníonn Daráine, a bhí ina lúthchleasaí óg, siar ar na laethanta sin nuair a d’athraigh a saol go deo agus ar na blianta ina dhiaidh. Bhí sé deacair nuair a bhí sí ina déagóir agus bíonn sé deacair go fóill, ach caithfidh meon dearfach a bheith agat, a deir sí.Sa phaiste cainte spreagúil seo labhraíonn Daráine chomh maith faoi thábhacht a muintire, a cairde agus lucht a scoile. Tráchtann sí ar a saol mar chraoltóir, faoin seacht mbliana dhéag a chaith sí ag obair do RTÉ agus faoina cinneadh le déanaí an craoltóir seirbhíse poiblí a fhágáil. Labhraíonn sí chomh maith faoina suim sa spórt agus faoi na Cluichí Paralimpeacha a chur i láthair ar an teilifís. Tráchtann Daráine chomh maith ar a cuid oibre mar ghníomhaí, faoi chomhairle a chur ar dhaoine eile atá faoi mhíchumas agus faoina saol mar mháthair.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Free AI-powered daily recaps. Key takeaways, quotes, and mentions — in a 5-minute read.
Get Free Summaries →Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Listeners also like.
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
AI-powered recaps with compact key takeaways, quotes, and insights.
Get key takeaways from AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal in a 5-minute read.
Stay current on your favorite podcasts without falling behind.
It's a free AI-powered email that summarizes new episodes of AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal as soon as they're published. You get the key takeaways, notable quotes, and links & mentions — all in a quick read.
When a new episode drops, our AI transcribes and analyzes it, then generates a personalized summary tailored to your interests and profession. It's delivered to your inbox every morning.
No. Podzilla is an independent service that summarizes publicly available podcast content. We're not affiliated with or endorsed by Tuairisc.
Absolutely! The free plan covers up to 3 podcasts. Upgrade to Pro for 15, or Premium for 50. Browse our full catalog at /podcasts.
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal publishes every few days. Our AI generates a summary within hours of each new episode.
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal covers topics including News, Commentary. Our AI identifies the specific themes in each episode and highlights what matters most to you.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.
Free forever for up to 3 podcasts. No credit card required.